Ó DOIBHLIN, Diarmaid (1942–2017)

Mhaígh an Dr Nioclás Mac Cathmhaoil in Súgán an dúchais (2018) ‘gurbh é Diarmaid an léachtóir ab fhearr a bhí agam riamh’ agus bheadh go leor eile dá chuid iarscoláirí ar an tuairim chinnte chéanna. Tháinig Diarmaid féin faoi anáil na mórscoláirí a bhí thuas lena linn: Donnchadh Ó Floinn, Tomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Cathal Ó Háinle, Pádraig Ó Héalaí, Donnchadh Ó Corráin agus a dhuine muinteartha féin Breandán Ó Doibhlin, agus chúitigh sé a saothar leo le líon na scoláirí Gaeilge a spreag sé féin thar na blianta teagaisc.

I mBaile Uí Néill i bparóiste Ard Tré, Co. Dhoire, a saolaíodh Diarmaid Celestine Ó Doibhlin ar an 19 Bealtaine 1942. Sa pharóiste chéanna i mBaile Uí Mhaolagáin a rugadh a athair, John Devlin, agus ba as Ceann Toirc i bparóiste Ard Bó, Co. Thír Eoghain, a mháthair, Brigid Ní Ágáin. Feirmeoir ab ea é John agus a bhean i mbun an tí. Thóg siad aon duine dhéag de theaghlach; triúr cailíní – Mary, Sheila agus Rose Kathleen – agus ochtar mac – Joe, Paddy, Charlie, Barney, Seamus, Brendan, Dermot (Diarmaid) agus Francis. Bhí sé i ndán dó a chuid léinn a fháil faoi choimirce Naomh Pádraig: d’fhreastail sé ar bhunscoil Naomh Pádraig ar an Lúb (1947–1953), Coláiste Phádraig, Ard Mhacha (1953–1960), agus Coláiste Phádraig, Maigh Nuad (1960–1963). Ba chuimhin leis go mbíodh urnaí i nGaeilge ag a mháthair. Roghnaigh sé staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, Laidin, Gréigis, stair agus stair ársa i gColáiste Phádraig in Ard Mhacha. Múinteoirí léannta cumasacha a bhí ar fhoireann an choláiste ag an tréimhse: Seán Ó Baoill, Diarmuid Ó hIceadha, Pádraig Ó hÁdhmaill, etc. Faoin am a d’fhág sé an mheánscoil bhí an Ghaeilge ar a thoil aige sa tslí gur ghnóthaigh sé scoláireacht Ghael-Linn chun dhá mhí a chaitheamh i Rann na Feirste. Chaith sé tréimhsí i dTeileann, na Rosa, Gaoth Dobhair, Cloich Chionnaola agus na Cruacha, agus bhíodh sé i dtólamh ag leagan béime ar thábhacht na Gaeltachta nuair a théadh sé ar chúrsaí ann leis na mic léinn. Le sagartacht agus leis an Léann Cheilteach a chuaigh sé i Maigh Nuad áit ar chruthaigh sé a chumas acadúlachta le céim céadonóracha agus le Scoláireacht Theach an Ard-Mhéara in 1963. Chuaigh an cur chuige nua critice a raibh Breandán Ó Doibhlin ina cheannródaí air i Maigh Nuad i seascaidí an chéid seo caite i bhfeidhm go mór air. Bheartaigh sé gan leanstan ar aghaidh le gairm na sagartachta i ndiaidh dó an bhunchéim a bhaint amach. Is amhlaidh a chuaigh sé go dtí an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath le máistreacht a dhéanamh sa Ghaeilge áit ar ghnóthaigh sé céim céadonóracha arís sular cheap an tAthair Shaw mar chúntóir i Roinn na Sean-Ghaeilge é. Ba ag an am seo a casadh Teresa O’Neill as Machaire Fíolta air agus i ndiaidh a bpósta shocair siad síos i Machaire Fíolta áit ar thóg siad féin seisear de theaghlach, triúr mac – Crónán, Éamonn agus Donncha – agus triúr iníonacha – Medb, Sineád, agus Caitlín.

Nuair a d’fhill sé aneas as Baile Átha Cliath, chaith sé tréimhse ghairid mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig in Ard Mhacha sular ceapadh ina léachtóir i gColáiste Mhuire, Béal Feirste, é in 1967. Rinneadh léachtóir sinsearach de in 1971, ach nuair a osclaíodh Ollscoil nua Uladh, Cúil Raithin, ceapadh é i Roinn an Léinn Éireannaigh in 1973. Ba ansin a chaith sé an chuid is mó dá shaol oibre ag plé le mic léinn fochéime agus iarchéime. Lean sé den taighde, agus in 1989 bhain sé céim dhochtúireachta amach in Ollscoil Uladh nuair a chuir sé eagar ar Tóruigheachd na bhfíreun. Bhí sé gníomhach i saol an léinn taobh amuigh dá ollscoil féin: ghlac sé páirt i dtionól bliantúil Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath in 1987 agus in 1999 agus thug sé Léacht an Oireachtais in 1996. Thug sé léachtaí ag Éigse Uladh in 1975, 1991 agus 1992 agus ag Éigse Oirialla in 1987 agus 1989. Bhí sé seal ina scrúdaitheoir seachtrach ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, d’iarchéimithe Ph.D.

Idir 1962 agus 2016 bhí saothar a phinn á fhoilsiú go dílis rialta i dtréimhseacháin éagsúla: Irisleabhar Mhá Nuad, An tUltach, Comhar, Seanchas Ard Mhacha, NIMLA: Journal of the Modern Language, Derriana, Raithneach, Journal of the South Derry Historical Society, The Furrow agus is iomaí alt a bhí aige ar The Irish Times. Litríocht agus léann na Gaeilge ó Chionn tSáile anall agus stair áitiúil Chúige Uladh, agus go háirithe Chontae Dhoire, an t-ábhar ab ansa leis. Rinne sé eagarthóireacht ar eagráin éagsúla den Journal of the South Derry Historical Society. Ar na leabhair leis áirítear: Church of Our Lady of the Assumption, Magherafelt, Co. Derry 1882–1982 (1982); Nioclás Ó Cearnaigh: beatha agus saothar (i gcomhar le Seán Ó Dufaigh, 1989); Ón Chreagán go Ceann Dubhrann: aistí le Tomás Ó Fiaich (1992); Duanaire Gaedhilge Róis Ní Ógáin: cnuasach de na sean-amhráin is áille agus is mó clú (1995); Going up the glen: womenfolk of the Glens of Antrim and the Irish language (1996); O’Neill’s own country and its families by Éamon Ó Doibhlin (1998) agus The St. Mary's story: St. Mary's Grammar School, Magherafelt, 1927–2002 (2002). Ba mhinic alt aige in eagráin eile: ‘An Tine Bheo’ in Orlandt/Ireland/Ireland (eag. Jürgen Schneider, 1993); ‘Litríocht ar phár agus léann na muintire’ in Náisiún na hÉireann mar a bhí agus mar atá (eag. Diarmuid Ó Laoghaire 1993); ‘Gnúis dó féin’ in Rí-éigeas na nGael (eag. Nollaig Mac Congail, 1994); ‘North West Ulster’s writers in Irish’ in The glow upon the fringe: literary journeys around Derry and the north west (eag. Sam Burnside, 1994); ‘A word-list from Omeath, Co. Louth’ in Miscellanea Celtica in Memoriam Heinrich Wagner (eag. Séamus Mac Mathúna agus Ailbhe Ó Corráin, 1997); ‘Penal days’ in History of the Diocese of Derry from the earliest times (eag. Henry A. Jeffries agus Ciarán Devlin 2000); ‘Tyrone’s Gaelic literary legacy’ in Tyrone: history and society (eag. William Nolan agus Henry A. Jefferies, 2000) agus mar sin de. Tá liosta iomlán dá shaothar foilsithe ag a mhac Crónán i Súgán an dúchais: aistí ar ghnéithe de thraidisiún liteartha chúige Uladh i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Doibhlin (2018) in eagar ag Nioclás Mac Cathmhaoil, Máire Nic Cathmhaoil agus Conal Mac Seáin.

Anuas ar a shaothar acadúil, b’fhile cumasach é agus d’fhoilsigh an Clóchomhar dhá chnuasach dánta leis, Briseadh na cora (1981) agus Drumaí móra (1997). Roghnaíodh saothar leis do dhíolamaí ár linne: Flós fómhair (eag. Eoghan Ó Tuairisc, 1977); Filíocht Uladh 1960-1985 (eag. Gréagóir Ó Dúill, 1985); An fhilíocht chomhaimseartha 1975-85 (eag. Ciarán Ó Coigligh, 1985); Duanaire an chéid (eag. Gearóid Denvir, 2000) agus An leabhar mòr: The great book of Gaelic (eag. M. Maclean agus Theo Dorgan, 2002).

Sárpheileadóir a bhí ann, é ina chaptaen ar fhoireann peile na scoile agus ar mhionúir Chontae Dhoire. Bhí sé ar fhoireann Bhaile Mhic Uiginn a bhain craobh shinsir an Chontae in 1962. D’imir sé don Lúb agus d’fheidhmigh sé mar Chathaoirleach Fhochumann Lúthchleas Gael Naomh Pádraig, an Lúb, agus mar Chathaoirleach Chumann Lúthchleas Gael Chontae Dhoire (1975–76) nuair a bhain siad Craobh Uladh. Sna 1970idí agus 1980idí rinne sé tuairiscí nuachta ar chluichí Gaelacha i gCúige Uladh do BBC Raidió Uladh. Bhí sé ar bhord gobharnóirí Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, agus ar bhord gobharnóirí Ghaelscoil an tSeanchaí i Machaire Fíolta. Bhí sé ina bhall gníomhach de Chumann Seanchais Ard Mhacha agus den chumann staire i nDomhnach Mór i dTír Eoghain. Bhí sé mar dhlúthchara ag an Chairdineál Tomás Ó Fiaich agus bhí sé i láthair ag na cainteanna síochána in Essen sa Ghearmáin in 1988. D’éirigh sé as a phost in 2006 agus thug an tOllamh Breandán Ó Buachalla cuireadh dó bheith ina ollamh ar cuairt in Ollscoil Notre Dame i Meiriceá. Scríobh a chomhghleacaí an tOllamh Séamus Mac Mathúnna in Súgán an dúchais (2018) go raibh ‘sé spreagúil agus íorónach araon, féith an ghrinn go láidir ann agus é in innimh domhan litríocht na Gaeilge a mhúscailt ina steillbheatha os comhair a gcuid súl amach do na scoláirí óga’. D’aithin an Mathúnach go raibh dlúthchaidreamh ag Diarmaid leis na mic léinn a tháinig faoina chúram, ‘é mar a bheadh anamchara acu, ag cur comhairle orthu agus ag tabhairt aire mhaith dóibh. Thugadh sé ar thurais iad fosta go minic chuig leabharlanna a dh’amharc ar lámhscríbhinní agus chuig ionaid eile chultúir a raibh baint acu leis an litríocht agus leis an tsaíocht dhúchasach.’

Bhí féilscríbhinn á hullmhú mar aitheantas ar a shaothar i ngort an léinn agus na litríochta ach faraor níor mhair sé lena feiceáil. Súgán an dúchais: aistí ar ghnéithe de thraidisiún liteartha chúige Uladh i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Doibhlin (2018) ab ainm don tsaothar sin atá in eagar ag triúr mac léinn le Diarmaid, Nioclás Mac Cathmhaoil, Máire Nic Cathmhaoil agus Conal Mac Seáin a foilsíodh in 2018.

D’éag Diarmaid Ó Doibhlin ar an 24 Bealtaine 2017.

Seán Mac Labhraí

Leabhair