NÍ CHUALÁIN, Úna (1871–1929)
Le caoinchead ó Christiaan Corlett

Nuair a scríobh Séamus Ó Duilearga, Stiúrthóir Institiúid Bhéaloideas Éireann, litir chuig Rúnaí Roinn an Airgeadais ar an 14 Eanáir 1933 chun maoiniú breise a lorg uathu, luaigh sé ceithre shaothar fhéideartha a bhí beartaithe ag an Institiúid a fhoilsiú, ‘Aran Folklore, being a collection of tales made in Aranmore, Co. Galway in 1906 and edited with notes etc by Séamus Ó Duilearga’ ina measc. Ach níor cuireadh na scéalta sin in eagar ná níor foilsíodh an cnuasach ach an oiread.

Tugann Briody (2005) tuilleadh eolais dúinn faoin gcnuasach scéalta seo:

The collection of Aran folktales Ó Duilearga proposed editing consisted of nineteen tales collected by Úna Ní Chualáin from Colm Ó hIarnáin of Eoghanacht, Aranmore, Co. Galway between 1903 and 1906 ... The manuscript is found in National Library of Ireland Ms. G 244.

Rugadh ‘Winifred Folan,’ nó Úna Shéamais mar a thugtaí go háitiúil uirthi, ar an 11 Márta 1871 in Inis Meáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe. Ba í an cúigiú duine í d’ochtar clainne a bhí ag James Folan, feirmeoir, agus Bridget Maher: Patrick, Martin, Bridget, John, Winifred féin, Mathias, Peter agus James. Bhí cónaí orthu i Móinín na Ruaige, Inis Meáin. Fuarthas roinnt eolais faoi Úna agus faoi mhuintir Chualáin ó gharnia le hÚna, Máirtín Ó Cualáin (‘Máirtín Mheairt’), Móinín na Ruaige, Inis Meáin, agus ó gharneacht léi, Maureen Foley, Cambridge, Massachusetts, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhuail tragóid muintir Úna nuair a bhásaigh triúr acu – athair Úna agus beirt deartháireacha léi, Patrick (Peaits) agus James – idir 1877 agus 1886.

Chuaigh ar a laghad triúr de mhuintir Úna ar imirce go Woburn, Massachusetts, áit ar athraigh siad an sloinne go ‘Foley.’ Bhíodh poist ar fáil i dteanús in Woburn agus is ann a bhí roinnt mhaith de mhuintir Oileáin Árann lonnaithe. Phós Mathias Folan agus Catherine O’Donnell as Inis Meáin agus phós Bridget Folan agus John Joyce as Inis Oírr. Phós John Folan – seanathair Maureen Foley – agus Sarah Conneely ann. B’iníon í Sarah leis an scéalaí cáiliúil Máirtín Neile as Baile na Creige in Árainn. Phós Martin – seanathair Mháirtín Mheairt – agus Julia Faherty as Inis Meáin agus bhí cónaí orthu sa teach céanna i Móinín na Ruaige ar fhás Úna aníos ann. Tá an teach seo ag muintir Úna le naoi nglúin anuas.

Fuarthas roinnt eolais faoi chúlra oideachais Úna agus faoina saol mar mhúinteoir i leabhair thuarastail na Roinne Oideachais atá sa Chartlann Náisiúnta agus i leabhair na seanrollaí atá i dtaisce i Scoil Náisiúnta Inis Meáin. D’fhreastail Úna ar Scoil Náisiúnta Inis Meáin agus thosaigh sí ag obair mar mhonatóir sa scoil chéanna in 1884, agus í trí bliana déag d’aois. Ba í Bridget Laffe príomhoide Scoil Náisiúnta Inis Meáin idir 1876 agus 1884 agus phós sí siúd David O’Callaghan a bhí ag obair i Scoil na mBuachaillí, Inis Meáin. Chaith Úna sé bliana i bpost an mhonatóra go dtí go raibh sí naoi mbliana déag d’aois.

De réir liosta a chuir an Roinn Oideachais le chéile de na múinteoirí a bhí ag obair i scoileanna na tíre in 1905, is cosúil nár fhreastail Úna ar aon choláiste oideachais. Chaith Úna tréimhse ag obair mar mhúinteoir ionaid i Scoil na Ceathrún Rua ó Aibreán go Meitheamh 1890. Thosaigh sí ag obair i Scoil Eoghanachta, Árainn ar an 1 Eanáir 1892, áit a raibh Mary Watters ina príomhoide ar Scoil na gCailíní. Luann Ó Murchadha (1895) Úna mar fhaisnéiseoir ina shraith alt ‘South Aran Irish’: ‘Miss Folan, N. Teacher, Craigakeereen, a native of Inis Meadhoin’. Nuair a rinneadh Daonáireamh 1901, bhí cónaí ar Winifred Folan, Mary Watters agus mac léi siúd, Charles F. Watters i dTeach 6 in Eoghanacht – teach na múinteoirí, is dóigh. Feictear go bhfuil ‘Mrs. Waters’ agus ‘Miss Folan’ i measc na n-ainmneacha a luaitear le grianghraf de Chór Árainn na Naomh a glacadh ag Feis Chonnacht i Lúnasa 1904 – féach Powell (1984). Tá an bheirt mhúinteoirí seo le feiceáil i ngrianghraf eile a thóg Jane W. Shackleton díobh agus de dhaltaí Scoil Eoghanachta in Aibreán 1906. Foilsíodh cóip den ghrianghraf seo i leabhar de chuid Christiaan Corlett (2012) agus luaitear ‘Mrs. Waters & Miss Folans [sic]’ sa chur síos a thugann Jane W. Shackleton ar an ngrianghraf seo.

D’fhág Úna Scoil Eoghanachta ag deireadh mhí an Mheithimh 1906 agus thosaigh sí ag obair i Scoil Náisiúnta Fhearann an Choirce, Árainn ina dhiaidh sin. Ba í Bridget Callinan príomhoide Scoil na gCailíní ag an am sin agus tháinig Úna mar chomharba ar Bridget O’Callaghan (Bridget Laffe roimh phósadh di), múinteoir a bhí ina príomhoide ar Scoil Náisiúnta Inis Meáin tráth. De réir Dhaonáireamh 1911, bhí cónaí ar ‘Úna Ní Chualán’ le hAntaine Ó Maoláin, a bhean Maighréad, agus a ndeichniúr páistí i dTeach 56 in Eochaill, Árainn. Deir Ríonach uí Ógáin (2005) gur ‘cuireadh Máire [Nic Néill] agus a deirfiúr Róisín go dtí Úna Nic Fhualáin, an múinteoir i Scoil Náisiúnta Fhearann an Choirce in Árainn’ nuair a gearradh téarma príosúin ar Eoin Mac Néill i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916.

Fad is a bhí Úna ag múineadh i Scoil Eoghanachta, bhailigh sí cnuasach de naoi scéal déag ó Cholm Ó hIarnáin, fear áitiúil arbh as Eoghanacht dó. Chuir sí na scéalta seo isteach ar chomórtais de chuid an Oireachtais dar teideal ‘Bailiúchán de shean-scéalta nár cuireadh i gcló riamh fós’ idir 1903 agus 1906 – féach Ó Súilleabháin (1984). Scríobh Úna i nóta a chuaigh leis na scéalta gur ‘Ó Cholum Ua h-Iarnáin as Eoghanacht, Árainn a fuair mé na sgeulta seo go hiomlán’ – féach freisin Ní Shéaghdha (1980). Bronnadh duais £2 ar Úna sna blianta 1903, 1904 agus 1905 agus de réir an tSúilleabhánaigh (1984), ba é ‘Colm Ó hIarnáin a d’inis’ i gcás na scéalta i gcomórtas 1903. Tá achoimre ar na cúig scéal ar bronnadh an duais orthu in 1903 le fáil in An Claidheamh Soluis in 1906. Tá na scéalta ar fad a bhailigh Úna ó Cholm Ó hIarnáin le fáil i Lámhscríbhinn G244 mar chuid de bhailiúchán Oireachtas na Gaeilge i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Léiríonn Briody (2005) tábhacht an chnuasaigh scéalta seo i réimse an bhéaloidis:

This is the first substantial collection of the repertoire of a single Irish storyteller by an Irish collector, predating Ó Duilearga’s work with Seán Ó Conaill by some twenty years. Little is known of this National School teacher from Aran and her collection remains unedited to this day.

Is léir ón tagairt seo go raibh obair Úna mar bhailitheoir béaloidis ar thús cadhnaíochta. Ní hamháin sin, ach ní bhíodh mórán ban ag bailiú ábhar béaloidis ag an am sin, gan trácht ar mhná de bhunadh na Gaeltachta. Síleann Ní Bhroin (2022) ‘gurb í Úna an chéad bhean a chruinnigh bailiúchán suntasach d’ábhar béaloidis aisti féin i nGaeilge ó mhuintir Oileáin Árann’.

Bhailigh Úna leagan den amhrán ‘An Héró nó Bád Ned Bháin’ ó Ph[e]aits Ó hIarnáin agus foilsíodh é in An Claidheamh Soluis in 1903. Foilsíodh freisin leagan neamhiomlán den amhrán ‘Caoineadh na Páise’ a bhailigh sí in Inis Meáin – féach ‘Maolíosa’ (1936). Foilsíodh dhá scéal eile a bhailigh sí – ‘Leigheas ar an Leisgeamhlacht’ agus ‘An tAsal a Chuaidh ar Seachrán’ – faoin ainm cleite ‘Bárr Aille’ in An Stoc in Aibreán agus Bealtaine 1924 freisin.

Foilsíodh roinnt mhaith alt le hÚna in Irisleabhar na Gaedhilge agus An Claidheamh Soluis idir 1908 agus 1924 ar phléigh sí réimse leathan téamaí iontu. Tugann sí comhairle do mhúinteoirí faoin gClár Dátheangach agus faoin gcaoi leis an eitinn a ruaigeadh as Éirinn agus bíonn moltaí aici freisin do mhná maidir le cúram an tí agus tógáil páistí. Labhraíonn sí go paiseanta faoi earraí de dhéantús na hÉireann a cheannach. Tugann sí cuntas ar an turas a thug sí go Tuar Mhic Éadaigh chun freastal ar chúrsa i gColáiste Chonnacht. Tá ainm Úna luaite i leabhar tinrimh de chuid Choláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, le haghaidh chúrsa an tsamhraidh agus an fhómhair 1910. Mar a deir sí san alt, ‘ní le Gaedhilg a fhoghluim a chuadhas ann ar mhódh acht le módh múinteachais a fheiceál’. Foilsíodh na hailt seo a leanas léi in Irisleabhar na Gaedhilge: ‘Comhairle do Ghaedhlaibh’ (Aibreán, Bealtaine 1908), ‘Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann: Comhairle do Oidíbh Sgoile’ (Deireadh Fómhair, Samhain 1908), ‘Déantúisí na hÉireann agus “Shopping by Post”’ (Aibreán 1909) agus ‘An Eitinn: Céard is Féidir Linn a Dhéanamh le Congnamh a Thabhairt chun an Galar a Ruaigeadh as an Tír’ (Meitheamh 1909). Foilsíodh na hailt seo a leanas léi in An Claidheamh Soluis: ‘An Clár Dhá Theangadh’ (6 Meitheamh 1908), ‘An Comhrac’ (27 Feabhra 1909), ‘Na Gaedhil-Ghaill’ (27 Márta 1909), ‘Cómhrádh le Cailíníbh na hÉireann’ (10, 24 Nollaig 1910; 14 Eanáir agus 11 Feabhra 1911), ‘Gaedhilgeóireacht’ (1 Aibreán 1911), ‘Turas na Cunga’ (16 Meán Fómhair 1911), ‘Mo Chéad Oidhche i gColáisde’ (6 Eanáir 1912), ‘An tAos Óg’ (3 Eanáir 1914) agus ‘An Claidheamh i nÁrann [litir]’ (21 Feabhra 1914).

D’éirigh Úna as a post i Scoil Náisiúnta Fhearann an Choirce ar an 11 Feabhra 1925 agus bhog sí soir abhaile go hInis Meáin le teacht i gcomharbacht ar Eibhlín Ní Bhaoighill i Scoil Náisiúnta Inis Meáin. Thosaigh Úna ag múineadh i Scoil Náisiúnta Inis Meáin ar an gcéad seachtain de Mhárta 1925 agus ba ise an chéad mhúinteoir as Inis Meáin a d’oibrigh mar mhúinteoir i Scoil Náisiúnta Inis Meáin – féach Ó Conaola (1989). Shíl Máire Bn Uí Fhátharta (‘Máire Chóil’), Cinn an Bhaile, Inis Meáin, gur dheas an múinteoir í Úna – bhí Máire ina dalta ag Úna ón uair a thosaigh sí ar scoil go dtí go ndeachaigh sí go ‘scoil an mháistir.’ Bhí cónaí ar Úna i dteach na múinteoirí agus dhéanadh sí an-iarracht um Nollaig leis na maisiúcháin sa teach – bhíodh cribín aici agus bhaineadh sí úsáid as eidheann seachas leaba chuilinn. Dúirt Máirín Uí Chonghaile (‘Máirín Mhéiní’), Baile an Mhothair, Inis Meáin go mbíodh a máthair féin, Máire Nic Dhonnchadha, ag labhairt faoi Úna go minic. Bhí Máire Nic Dhonnchadha mar dhalta ag Úna chomh maith agus labhraíodh sí faoi ‘an mháistreás iontach’ a bhí aici. Bhíodh ‘Úna Shéamais’ á moladh ag Máire i gcónaí agus bhí an-mheas aici uirthi, mar thosaíodh sí abairtí go minic le ‘mar a dúirt Úna Shéamais’. Deirtear go raibh bealach an-mhaith ag Úna leis na gasúir scoile agus go ndeachaigh sí go mór i bhfeidhm orthu. Bhí creideamh láidir aici agus bhíodh cór aici sa séipéal gach seachtain. Is cosúil go raibh Úna an-éirimiúil ar go leor bealaí agus go raibh meas ag an bpobal uirthi.

Is léir ó cháipéisí de chuid na Roinne Oideachais go raibh Úna go dona tinn ar feadh tamaill sula bhfuair sí bás. Dúirt Máirtín Mheairt go raibh néarailge uirthi agus go raibh sí tinn an chuid is mó dá saol.

Bhí Úna 58 bliain d’aois nuair a bhásaigh sí ar an 23 Nollaig 1929. Bhí Michael Folan, athair Mháirtín Mheairt, léi nuair a fuair sí bás. Shíl Máire Chóil gur thit Úna taobh amuigh de theach na múinteoirí an lá sin, ach de réir an deimhnithe báis, bhí galar croí agus gaistríteas ar Úna. De réir a huachta, bhronn sí £20 ar shagart paróiste Oileáin Árann agus ar Shéipéal Eochalla, agus d’fhág sí £90 ag an Ardeaspag Thomas P. Gilmartin le haghaidh an tséipéil nua a bhí le tógáil in Inis Meáin. Bhronn sí roinnt airgid ar Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath, agus ar Ospís Naomh Úna in Holywell, an Bhreatain Bheag. Is cosúil gur chaith Úna féin tréimhse in Ospís Naomh Úna – seoladh cárta poist chuici a fhad is a bhí sí ann.

Tá eagrán de na scéalta a bhailigh Úna Ní Chualáin ó Cholm Ó hIarnáin mar aon le tuilleadh eolais faoina saol agus faoina saothar ar fáil i dtráchtas neamhfhoilsithe Alma Ní Bhroin (2022).

Alma Ní Bhroin

Foinsí Foilsithe

Foinsí Neamhfhoilsithe

  • Ní Bhroin, A. (2022) ‘Eagrán de na Scéalta Béaloidis a Bhailigh Úna Ní Chualáin (1871-1929) ó Cholm Ó hIarnáin (1871-1924), Árainn.’ Tráchtas M.Litt. neamhfhoilsithe, Ollscoil Mhá Nuad. Ar fáil anseo.